Nóta ó choiste Árainn Mhór Aontaithe:

Ba mhaith leis an gcoiste cuir i gcuimhne do na foirne agus don lucht féachana chomh maith, nár chóir aon bhruscar a fhágail cois páirce ag an Rannach. Níl feighlí againn níos mó, agus sna blianta a chuaigh thart, bhíodh fadhb i gcónaí le bruscar fágtha ar an talamh. Tá go leor boscaí bruscair ar fáil timpeall na páirce. Bheadh muid an-bhuíoch dá mbeadh gach duine abálta iad a úsáid le fáil réidh lena mbruscar. Bheadh sé ina chuidiú mhór againn. Go raibh maith agaibh agus bainigí sult as an deireadh seachtaine. !

Rialacha an Dúshláin

Caithfear ar a laghad 7 n-imreoir agus ar a mhéad 11 imreoir a chlarú sula dtosaíonn an chéad cluiche.

Caithfidh gach foireann atá ag glacadh páirt ar a laghad 7 n-imreoir a bheith acu ag tús gach cluiche, ach tá leasú ar an riail seo thíos:

Tá cead ag imreoir amháin ar gach foireann an chéad cluiche a chailleadh, ach caithfidh an t-imreoir sin an dara chluiche a imirt nó cuirfear cosc air ón gcomórtas.

Níl cead ach 11 imreoir a bheith ainmnithe ar fhoireann. Caithfear na himreoirí a chlarú sula dtosaíonn an chéad cluiche don fhoireann. Tá costas cláraithe €250 do gach fhoireann (tá foirm ar fáil ón rúnaí)

Deich nóiméad i ngach leath.

Ionadaithe ag rolladh ann- rolladh as.

Bogann an dhá fhoireann atá ag barr gach grúpa ar aghaidh go dtí an comórtas díbeartha.

Ag cailiú do na clluichí ceannais:

Mas rud é go mbíonn dhá fhoireann ar chomhscór ag deireadh céim na ngrupaí, déanfar cinneadh ar an bhfoireann a rachaidh ar aghaidh sa tslí seo thíos;
Ar dtús- difríocht na gcúl.
Ansin cúil a scóráil.
Ansin a gcuntas i gcoinne a chéile.
Má bhíonn siad fós ar chomhscór ag an am seo- tógfaidh siad trí chic pionós.

Cluichí an chomórtas díbeartha:

Deich nóiméad i ngach leath, i gcás comhscór:

3 chic pionós an foireann.

Ansin ciceanna pionóis bás tobann.

Cluichí Ceannais

15 nóiméad an leath, i gcás comhscór:
3 chic pionós an foireann.
Ansin ciceanna pionóis bás tobann.

Rabhaidh:

Má fhaigheann imreoir cárta dearg cuirfear cosc air imirt sa chéad cluiche eile.
Má fhaigheann imreoir dhá chárta buí cuirfear cosc air imirt sa chéad cluiche eile.

Foireann nó Imreoir a thagann déanach:

I gcás foireann a thagann déanach chuig cluiche, beidh na pionóis seo i bhfeidhm.
5 nóiméad déanach- Beidh scór 1-0 i gcoinne an fhoireann a bhí déanach.
10 nóiméad déanach- Beidh scór 2-0 i gcoinne an fhoireann a bhí déanach.
15 nóiméad déanach- caillfidh siad an cluiche 3-0.
Aon fhoireann nach mbíonn i láthair don trí chluiche a bhíonn acu, beidh siad ar fionraí ón gcomórtas ar feadh trí bliana.

Fanfaidh gach foireann sa chomórtas go dtí:
1. Níl siad ag iarraidh páirt a ghlacadh ann níos mó
2. Caitheann an coiste amach iad mar gheall ar sárú suntasach ar na rialacha, nó de bharr iompar na foirne ar an bpáirc nó as an bpáirc. De bharr coinníollacha arachais, níl cead alcól a ól taobh istigh d’imeall na páirce ag aon am i rith an chomórtais. Cuirfear ceist ar aon duine a sháraíonn an riail seo seasamh lasmuigh d’imeall na páirce, ‘sé sin an sconsa a théann timpeall na páirce. Tá súil againn go gcloífear leis na rialacha seo.

CAITHFIDH GACH FOIREANN A ÉIRÍONN LEO CÉIMIÚ DO NA CLUICHÍ CEATHRÚ CEANNAIS BHEITH I LÁTHAIR DON TARRAINGT AG AN RANNACH AR AN DOMHNACH AG 2:50 IN

Iarbhuaiteoirí

Liosta na n-iarbhuaiteoirí ó thús an chomórtais.

YearWinnersRunners Up
2001Clannad CelticArranmore Utd
2002Gallaghers TunnellingArranmore Utd
2003BalallyArranmore Utd
2004BalallyWoodcarvers
2005Gallaghers TunnellingArranmore Utd
2006Arranmore UtdGallaghers Tunnelling
2007Tory CelticStonecutters
2008Gallaghers TunnellingArranmore Utd
2009BalallyWoodcarvers
2010Gallaghers TunnellingWoodcarvers
2011Damo's DreamReal Lypis
2012Damo's DreamArranmore Utd
2013Real LypisDamo's Dream
2014Finn HarpsReal Lypis
2015Damo's DreamReal Lypis
2016Real LypisFC Palatico
2017Damo's DreamReal Lypis
2018Damo's DreamFC Palatico
2019Dungloe Town PLCThe Rebels

Some People I Need to Thank:

Martin Gallagher

Owns the official Cup challenge twitter handle@ArranChallenge

Rua and the Cup Challenge Committee

Provided all the details about the Cup Challenge and it's teams

Aoife Gallagher

For some great instagram photos for the photo feed

Dylan O'Donnell

For another awesome instagram photo for the about page

Twitter People

For all the people on twitter helping out